Féile na Tána 2022
4th, 5th and 6th Feb 2022
Keep an eye here for updates as we confirm tutors and performers for 2022!
*************************************************************************
Here is our programme from 2021....
Mar gheall ar phaindéim Covid 19, beidh ceardlanna na bliana ar líne ar YouTube, rud a chiallaíonn gur féidir libh a bheith linn ó áit ar bith sa domhan !!
Tá ceardlanna ar fáil ar phraghas laghdaithe i mbliana de € 20 / £ 17.
Seolfaidh muid naisc phríobháideacha chuig gach rannpháirtí ar sheachtain an 1ú Feabhra agus seolfar na ceardlanna ag 2pm Dé Sathairn 6ú Feabhra.
Is iad na ceardlanna atá ar fáil:
Fidil ard-rang Kevin Burke
Fidil idirmheánach Zoë Conway
Feadóg Stáin ard-rang Mary Bergin
Feadóg Stáin idirmheánach Brian Finnegan
Píob Uilleann Tiarnán Ó Duinnchinn
Cláirseach Laoise Kelly
Fliúit Louise Mulcahy
Accordion Dermot Byrne
Consairtín Edel Fox
Amhránaíocht Mairéad Ní Mhaonaigh
Banjo Gerry 'Banjo' O'Connor
Bodhrán Robbie Harris
Giotár John Mc Intyre
Bouzouki Dónal Lunny
Damhsa Sean nós Edwina Guckian
D'ullmhaigh gach duine dár dteagascóirí, a bhfuil cáil dhomhanda orthu, ceardlann físe speisialta d’Fhéile na Tána 2021 le meascán comhrá faoi theicníc, ornáidiú, agus roinnt foinn nó píosaí chun tú a choinneáil gnóthach! Tá na ceardlanna idir 30 agus 45 nóiméad ar fhad.
Beidh tú in ann rochtain a fháil ar an bhfíseán ar feadh 1 mhí amhain, agus is féidir leat tosú agus stad ar do chompord fein.
Is féidir le mic léinn luas níos moille a roghnú in YouTube chun cabhrú leis an bhfoghlaim más gá.
Ná caill Coirm Cheoil na dTeagascóra ag 7in Dé Sathairn 6ú Feabhra -
Beidh sí beo ar líne ar chainéal Facebook agus ar chainéal YouTube Féile na Tána saor in aisce do chách!
Beidh na teagascóirí go léir ag seinm ar fhíseán réamhthaifeadta a bhí taifeadtha agus curtha in eagar go speisialta don fhéile roimh ré.
Tig leat comhrá-beo a dhéanamh le linn na coirme agus le bhur dtoil cuirigí in iúl dúinn go bhfuil tú linn ar an oíche mhór!
Buaicphointe eile d’Fhéile na Tána is í Ceolchoirm na Féile ag 4in Dé Domhnaigh 7ú Feabhra a roinnfear beo ar líne ar chainéal Facebook agus ar cháinéal YouTube Féile na Tána.
Beidh ceoltóirí óga den scoth ón cheantar agus timpeall na hÉireann ar fad ag seinm mar chuid de cheolchoirm na h-óige a chraolfar go réamhthaifeadta agus cureadh in eagar don ócáid féin.
Saor in aisce do chách!
Ba mhaith le Féile na Tána a buíochas croíúil a ghabháil le Create Louth, Comhairle Condae Lú agus le Comhairle Ealaíon na h-Éireann as a dtacaíocht leanúnach, dílis go háirithe i mbliana.
Go raibh míle maith agaibh!